Fiabhras tíofóideach
Galar ionfhabhtaíoch, a gcuireann an baictéar salmonella typhi tús leis, is ea fiabhras tíofóideach, a dtugtar fiabhras eintreach air freisin. Faigheann duine é trí bhia nó deoch atá truaillithe le faecas duine ghalraithe.
Scaiptear é go minic i soláthar uisce nó le linn ullmhú bia. Is iad na siomptóim a bhaineann leis ná fiabhras ard, sáimhríocht, cráphianta, buinneach, gríos ar an mbolg, agus níos déanaí, rámhaille is cóma.
Má thagann duine slán, bíonn sé ina iompróir ainsealach ag an ngalar agus eisfhearann na baictéir ina fhaecas an t-am ar fad.
Chun an galar a sheachaint, is gá cloí le córacha maithe sláintíochta is caighdeáin arda sláinteachais in ullmhú bia is dí. Is inmhianaithe go mór go mbeidh daoine atá le taisteal i réigiúin ar leith den domhan (an India, mar shampla, mar a bhfuil an galar seo eindéimeach) vacsaínithe ina choinne.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fiabhras tíofóideach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 266.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |